Máire Uí Mhaicín GrianghrafadóirTá
cónaí orm sa Charraig Dhubh, Co Bhaile Átha Cliath, Éire.
Ba í mo mhúinteoir fisice a chéadspreag spéis sa ghrianghrafadóireacht ionam nuair a chuir sí teoiricí eolaíochtúla solais agus lionsaí inár láthair. Ón uair a fuaireas mó chéad cheamara digiteach, timpeall deich mbliana ó shin, chuir mé go mór le mo thuiscint ar ghrianghrafadóireacht. Portráidíocht daoine mo chéad réimse spéise, ach sar i bhfad thuigeas gur le dua a thagann máistreacht sa séanra seo, agus gur ghá tr printíseacht a dhéanamh i réimsí eile ar nós íomhánna tírdhreach, íomhánna teibí, agus íománna a dhéanann taifead ar imeachtaí an ghnáthshaoil laethúíl. Tuigim gur gá dom bheith ag síorfhoghlaim, ag síorchur feabhair ar mo scileanna agus ar mo shúil ghrianghrafadóra, agus fáiltiú roimh bhuntáistí na haoise digití a bheireann léi ceamaraí maithe agus bogearraí éagsúla grianghrafadóireachta |
Máire Uí Mhaicín
|